Gearóid Mac Eoin

An tOllamh
Gearóid Mac Eoin

Beathaisnéis Ghearóid Mhic Eoin

I gcathair Luimnigh a rugadh é ar an 25 Eanáir 1929 ina mhac ag Jack McKeon agus a bhean chéile Margaret Whelan. Bhí beirt deartháireacha sa gclann a ba óige ná é, John (1931) agus Willie (1935-1976) Fuair sé scolaíocht sa Mhodh-Scoil, Luimneach, agus i gColáiste na Dea-Chomhairle, Ros Mhic Treoin, Co. Loch Garman, 1933-47. Chuaigh séisteach i gCumann an tSlánaitheora (Redemptorists) i bhfómhar na bliana 1947 agus d'fhan leo go dtí 1956. Bronnadh scoláireacht 'Aiken'le cúrsa ollscoile a dhéanamh trí Ghaeilge chuig Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, air de bharr na hArd-Teistiméireachta sa bhliain 1947. Sa gColáiste sin rinne sé staidéar ar an nGaeilge, idir Shean agus Nua, Gaeilge na hAlban, Breatnais, Sean agus Nua, Seandálaíocht, Stair, Laidean, agus Gréigis. Bronnadh an chéim B.A. sa Léann Ceilteach (Céad Onóracha) air sa bhliain 1951. Fuair sé an Staidéaracht Taistil sa Léann Ceilteach an bhliain dár gcionn agus an chéim M.A i 1953 le miontráchtas dárbh theideal 'Dán ar Chogadh na Traoi' (Studia Hibernica 1, 1961).

Chaith sé na blianta 1953-5 in Ollscoil Bonn sa nGearmáin agus é ina mhac léinn diagachta san am gcéanna sa choláiste a bhí ag an Ord i Geistingen. Rinne sé stagéar faoi na hollúna Hertz, Weisgerber, Ewig, Menzerath, Meyer-Eppler, Rüfner, agus Thoma. Bronnadh an chéim D. Phil. air sa bhliain 1955 de thoradh ar thráchtas darbh theideal 'Das Verbalsystem von Togail Troí (H. 2 17)' (Zeitschrift für celtische Philologie XXVIII) a scríobh sé faoi stiúir an Ollamh Hertz. Go gearr tar éis dó teacht abhaile go hÉirinn d'imigh sé as an Ord.

Le cabhair litreacha a fuair sé ón Ollamh Tomás Ó Máille fuair sé obair láithreach i Raidió Éireann, ag tabhairt Nuachtchaint in aghaidh na seachtaine agus ag caint ar an gclár 'Nuacht Anall, Nuacht Abhus'. Ag an am sin tharla go raibh Maura Carney, a bhí ina léachtóir sa Cheiltis in Uppsala,  ag iarraidh teacht abhaile agus bhí comharba uirthi á lorg. Tráthnóna Domhnaigh amháin, nuair a bhí socraithe aige dul ar choirm ceoil sa Theatre Royal, fuair sé scéala ó Sheamus Delargy, fear nach raibh aon aithne aige air go dtí sin, teacht ar chuairt chuige. Rinne sé sin agus fuair sé James Carney, ar chuir sé aithne air ag Scoil Samhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1952, i gcomhluadar Delargy sa teach. Cheistigh siad é faoin staidéar a bhí déanta aige agus d'fhiafraigh siad de an mbeadh fonn air glacadh leis an bpost in Uppsala. Sin é an t-am a thuig sé gur faoi agallamh a bhí sé go dtí sin.

Chuir Delargy sreangscéal go Uppsala an mhaidin dár gcionn ach, ó nach raibh aon eolas ag na daoine in Upsala ar an iarrthóir, chinn siad ar iarraidh ar Maura Carney fanacht bliain eile in Uppsala. Sin mar a chuir Gearóid aithne ar Shéamus Delargy.
Tharla go raibh scoláireacht fógraithe ag Rialtas na hÍoslainne an samhradh sin do mhac léinn Éireannach a chaithfeadh téarma bliana  ar an ollscoil in Reykjavík ag foghlaim na hÍoslainnise. Chomhairligh Delargy dó cur isteach ar an scoláireacht. Rud a rinne agus fuair. Sin mar a tharla go ndeachaigh sé chun na hÍoslainne. An samhradh céanna sin, 1956, fuair sé scoláireacht san Institiúid Árd-léinn agus thosaigh sé ag obair ansin. Nuair a chinn na hÍoslainnigh ar a scoláireacht féin a bhronnadh air cheadaigh an Institiúid dó a scoláreacht siúd a chur ar fionraí go bhfillfeadh sé ón Íoslainn. Ar Ollscoil Reykjavík bhí thart ar dhosaen mac léinn eile ó thíortha éagsúla ar an gcúrsa céanna le Gearóid. D'éirigh lena bhformhór an Íoslainnis a  fhoghlaim go maith agus bliain thaitneamhach a chaitheamh i Reykjavík, in ainneoin chorraíl an tsaoil pholaitíochta sa Mheán-Oirthear.

An  samhradh ina dhiaidh sin bhí sé ar ais ina scoláire san Institiúid Ard-Léinn, ach ceapadh é ina 'lektor' le Teangacha Ceilteacha agus Béaloideas in Ollscoil Uppsala sa tSualainn an fómhar sin agus d'fhan sé ann go dtí 1959. Le linn an ama sin phós sé Guðrún Helga ('Gimma') Hallgrímsdóttir a casadh air i Reykjavík an bhliain roimhe. In am trátha rugadh ceathrar páistí dóibh, Seán (1958), Gearóid (1960), Máire (1961), agus Caitlín (1963).

Tháinig sé ar ais go hÉirinn 1959 go post mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina Rúnaí ar Choiste Eagarthóireachta Studia Hibernica a bhunaigh sé féin agus comhleacaithe eile i gColáiste Phádraig i 1961. Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus chuir sé roimhe an Comhar a leathnú amach i gcoláistí tríú leibhéil. Ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, sa bhliain 1963. Ag an am sin ba é Mícheál Ó Briain a bhí ina Stiúrthóir ar an Scoil. Is iad na hOllúna Sinsearacha a bhí ann ná Myles Dillon agus D.A. Binchy. Bhí James Carney agus Brian Ó Cuív ar an bhfoireann chomh maith.

Sa bhliain 1966 ceapadh é ina Ollamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus le Teangeolaíocht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, áit ar chaith mé an chuid eile dá shaol oibre. Toghadh é ina Dheánach ar Dháimh an Léinn Cheiltigh cupla tréimhse. Toghadh é ina bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1975. Mar Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge d'eagraigh sé comhdhála agus scoileanna samhraidh don Chomhar. I measc na gcomhdhála a d'eagraigh sé i Roinn na Sean-agus na Meán-Ghaeilge bhí Comhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh (1979), Comhdháil ar Mhionteangacha, Comhdháil ar Stair na Teangeolaíochta, agus Comhdháil ar Leathnú Teangacha thar an Muir Mhór. Bhí sé páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gComhchoiste Ghaeltacht Chonamara i seachtóidí an fichiú haois.

Bhí sé ina ollamh cuarta in Ollscoil Bonn (1979-80), Ollscoil Freiburg (1985) agus san Humboldt-Universität i mBerlin (1993). Ó dheireadh na n-ochtóidí d'eagraigh sé Scéim ERASMUS a bhí á rith ag Comhphobal na hEorpa ag an am le comhoibriú san oideachas a chothú idir tíortha na hEorpa. Teanga agus Litríocht na dtíortha Ceilteacha an téama a bhí ag an gComhdháil agus faoin am a d'éirigh sé as an Ollúnacht bhí dhá Ollscoil is fiche istigh leo le haghaidh an Léinn Cheiltigh. D'éirigh sé amach ar phinsean sa bhliain 1994. Bhronn Ollscoil na hÉireann an Chéim Oinigh D.Litt. celt. air sa bhliain 1999. Cailleadh a bhean chéile sa bhliain 2007. Ón am a chuaigh sé amach ar phinsean tá sé ag obair mar scoláire neamhspleách, ag tabhairt léachtaí nuair a iarrtar iad agus ag cur altanna i gcló de réir a chéile.